id
int64
0
182k
translation
dict
400
{ "en": "On a proposal by the Executive Director, the Management Board shall decide on the composition and the working methods of the Consultative Forum and the modalities of the transmission of information to the Consultative Forum.", "ga": "Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh comhdhéanamh agus modhanna oibre an Fhóraim Chomhairliúcháin agus i dtaobh modhanna i dtaca le faisnéis a tharchur chuig an bhFóram Comhairliúcháin." }
401
{ "en": "The Consultative Forum shall be consulted on the further development and implementation of the Fundamental Rights Strategy, Code of Conduct and common core curricula.", "ga": "Rachfar i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Straitéis um Chearta Bunúsacha, ar an gCód Iompraíochta agus ar lárchuraclaim choiteanna, agus maidir le cur chun feidhme na nithe sin." }
402
{ "en": "The Consultative Forum shall prepare an annual report of its activities.", "ga": "Déanfaidh an Fóram Comhairliúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí." }
403
{ "en": "That report shall be made publicly available.", "ga": "Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí." }
404
{ "en": "A Fundamental Rights Officer shall be designated by the Management Board and shall have the necessary qualifications and experience in the field of fundamental rights.", "ga": "Déanfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú agus beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá ag an nOifigeach sin sa réimse um chearta bunúsacha." }
405
{ "en": "He/she shall be independent in the performance of his/her duties as a Fundamental Rights Officer and shall report directly to the Management Board and the Consultative Forum.", "ga": "Beidh sé nó sí neamhspleách agus a chuid nó a cuid dualgas mar Oifigeach um Chearta Bunúsacha á gcomhlíonadh agus tuairisceoidh sé nó sí go díreach chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an bhFóram Comhairliúcháin." }
406
{ "en": "He/she shall report on a regular basis and as such contribute to the mechanism for monitoring fundamental rights.", "ga": "Déanfaidh sé nó sí an tuairisciú ar bhonn rialta agus, ar an tslí sin, rannchuideoidh sé nó sí leis an sásra le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha." }
407
{ "en": "The Fundamental Rights Officer and the Consultative Forum shall have access to all information concerning respect for fundamental rights, in relation to all the activities of the Agency.’;", "ga": "Beidh rochtain ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus ag an bhFóram Comhairliúcháin ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann le hurraim ceart bunúsach i ndáil le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.”;" }
408
{ "en": "in Article 33, the following paragraphs are inserted:", "ga": "in Airteagal 33, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:" }
409
{ "en": "‘2a.", "ga": "“2a." }
410
{ "en": "The first evaluation following the entry into force of Regulation (EU) No 1168/2011 of the European Parliament and of the Council of 25 October 2011 amending Council Regulation (EC) No 2007/2004 establishing a European Agency for the Management of Operational Cooperation at the External Borders of the Member States of the European Union shall also analyse the needs for further increased coordination of the management of the external borders of the Member States, including the feasibility of the creation of a European system of border guards.", "ga": "Sa chéad mheasúnú tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh déanfar anailís freisin ar an ngá atá ann le tuilleadh comhardaithe mhéadaithe ar bhainistiú theorainneacha seachtracha na mBallstát, lena n-áirítear an bhféadfaí córas Eorpach gardaí teorann a chruthú." }
411
{ "en": "The evaluation shall include a specific analysis on the way the Charter of Fundamental Rights was complied with in the application of this Regulation.", "ga": "Beidh anailís shonrach ar áireamh sa mheastóireacht ar an tslí inar ndearnadh an Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm." }
412
{ "en": "Article 2", "ga": "Airteagal 2" }
413
{ "en": "Entry into force", "ga": "Teacht i bhfeidhm" }
414
{ "en": "This Regulation shall enter into force on the 20th day following its publication in the Official Journal of the European Union.", "ga": "Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh." }
415
{ "en": "This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in the Member States in accordance with the Treaties.", "ga": "Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí." }
416
{ "en": "Done at Strasbourg, 25 October 2011.", "ga": "Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2011." }
417
{ "en": "OJ C 44, 11.2.2011, p. 162.", "ga": "IO C 44, 11.2.2011, lch. 162." }
418
{ "en": "Position of the European Parliament of 13 September 2011 (not yet published in the Official Journal) and Council Decision of 10 October 2011.", "ga": "Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2011." }
419
{ "en": "OJ L 349, 25.11.2004, p. 1.", "ga": "IO L 349, 25.11.2004, lch. 1." }
420
{ "en": "OJ L 199, 31.7.2007, p. 30.", "ga": "IO L 199, 31.7.2007, lch. 30." }
421
{ "en": "OJ L 105, 13.4.2006, p. 1.", "ga": "IO L 105, 13.4.2006, lch. 1." }
422
{ "en": "OJ L 56, 4.3.1968, p. 1.", "ga": "IO L 56, 4.3.1968, lch. 1." }
423
{ "en": "OJ L 8, 12.1.2001, p. 1.", "ga": "IO L 8, 12.1.2001, lch. 1." }
424
{ "en": "OJ L 281, 23.11.1995, p. 31.", "ga": "IO L 281, 23.11.1995, lch. 31." }
425
{ "en": "OJ L 176, 10.7.1999, p. 36.", "ga": "IO L 176, 10.7.1999, lch. 36." }
426
{ "en": "OJ L 176, 10.7.1999, p. 31.", "ga": "IO L 176, 10.7.1999, lch. 31." }
427
{ "en": "OJ L 53, 27.2.2008, p. 52.", "ga": "IO L 53, 27.2.2008, lch. 52." }
428
{ "en": "OJ L 53, 27.2.2008, p. 1.", "ga": "IO L 53, 27.2.2008, lch. 1." }
429
{ "en": "OJ L 160, 18.6.2011, p. 21.", "ga": "IO L 160, 18.6.2011, lch. 21." }
430
{ "en": "OJ L 160, 18.6.2011, p. 19.", "ga": "IO L 160, 18.6.2011, lch. 19." }
431
{ "en": "OJ L 131, 1.6.2000, p. 43.", "ga": "IO L 131, 1.6.2000, lch. 43." }
432
{ "en": "OJ L 64, 7.3.2002, p. 20.", "ga": "IO L 64, 7.3.2002, lch. 20." }
433
{ "en": "Regulation (EC) No 562/2006 of the European Parliament and of the Council of 15 March 2006 establishing a Community Code on the rules governing the movement of persons across borders (Schengen Borders Code) (OJ L 105, 13.4.2006, p. 1).’;", "ga": "Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).”;" }
434
{ "en": "Regulation (EC) No 863/2007 of the European Parliament and of the Council of 11 July 2007 establishing a mechanism for the creation of Rapid Border Intervention Teams (OJ L 199, 31.7.2007, p. 30).’;", "ga": "Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear sásra chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 30).”;" }
435
{ "en": "Council Decision 2005/267/EC of 16 March 2005 establishing a secure web-based Information and Coordination Network for Member States’ Migration Management Services (OJ L 83, 1.4.2005, p. 48).’;", "ga": "Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle an 16 Márta 2005 lena mbunaítear Líonra daingean gréasán-bhunaithe Faisnéise agus Comhordúcháin le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát (IO L 83, 1.4.2005, lch. 48).”;" }
436
{ "en": "OJ L 348, 24.12.2008, p. 98.’;", "ga": "IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.”;" }
437
{ "en": "OJ L 328, 5.12.2002, p. 17.", "ga": "IO L 328, 5.12.2002, lch. 17." }
438
{ "en": "OJ L 317, 3.12.2001, p. 1.’;", "ga": "IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.”;" }
439
{ "en": "OJ L 64, 2.3.2004, p. 1.’;", "ga": "IO L 64, 2.3.2004, lch. 1.”;" }
440
{ "en": "OJ L 357, 31.12.2002, p. 72.’;", "ga": "IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.”;" }
441
{ "en": "OJ L 304, 22.11.2011, p. 1’.", "ga": "IO L 304, 22.11.2011, lch. 1.”." }
442
{ "en": "In 2004 the Council adopted Regulation (EC) No 2007/2004 of 26 October 2004 establishing a European Agency for the Management of Operational Cooperation at the External Borders of the Member States of the European Union [3] (Frontex) (hereinafter ‘the Agency’) which became operational in May 2005.", "ga": "Sa bhliain 2004, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh [3], (Frontex) (“an Ghníomhaireacht” anseo feasta), ar gníomhaireacht í a tháinig chun bheith oibríochtúil i mBealtaine 2005." }
443
{ "en": "Regulation (EC) No 2007/2004 was amended in 2007 by Regulation (EC) No 863/2007 of the European Parliament and of the Council of 11 July 2007 establishing a mechanism for the creation of Rapid Border Intervention Teams [4].", "ga": "Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 sa bhliain 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear sásra chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú [4]." }
444
{ "en": "‘(c)", "ga": "“(c)" }
445
{ "en": "‘(e)", "ga": "“(e)" }
446
{ "en": "‘(f)", "ga": "“(f)" }
447
{ "en": "‘(h)", "ga": "“(h)" }
448
{ "en": "‘(i)", "ga": "“(i)" }
449
{ "en": "‘(g)", "ga": "“(g)" }
450
{ "en": "Regulation (EU) No 1169/2011 of the European Parliament and of the Council", "ga": "Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle" }
451
{ "en": "of 25 October 2011", "ga": "an 25 Deireadh Fómhair 2011" }
452
{ "en": "on the provision of food information to consumers, amending Regulations (EC) No 1924/2006 and (EC) No 1925/2006 of the European Parliament and of the Council, and repealing Commission Directive 87/250/EEC, Council Directive 90/496/EEC, Commission Directive 1999/10/EC, Directive 2000/13/EC of the European Parliament and of the Council, Commission Directives 2002/67/EC and 2008/5/EC and Commission Regulation (EC) No 608/2004", "ga": "maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún" }
453
{ "en": "(Text with EEA relevance)", "ga": "(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)" }
454
{ "en": "THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL OF THE EUROPEAN UNION,", "ga": "TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH," }
455
{ "en": "Having regard to the Treaty on the Functioning of the European Union, and in particular Article 114 thereof,", "ga": "Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de," }
456
{ "en": "Having regard to the proposal from the European Commission,", "ga": "Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach," }
457
{ "en": "Having regard to the opinion of the European Economic and Social Committee [1],", "ga": "Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [1]," }
458
{ "en": "Acting in accordance with the ordinary legislative procedure [2],", "ga": "Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach [2]," }
459
{ "en": "Whereas:", "ga": "De bharr an méid seo a leanas:" }
460
{ "en": "Article 169 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) provides that the Union is to contribute to the attainment of a high level of consumer protection by the measures it adopts pursuant to Article 114 thereof.", "ga": "Foráiltear le hAirteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí na bearta a ghlacann sé de bhun Airteagal 114 de." }
461
{ "en": "The free movement of safe and wholesome food is an essential aspect of the internal market and contributes significantly to the health and well-being of citizens, and to their social and economic interests.", "ga": "Is gné shár-riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuirtear go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha dá barr." }
462
{ "en": "In order to achieve a high level of health protection for consumers and to guarantee their right to information, it should be ensured that consumers are appropriately informed as regards the food they consume.", "ga": "Chun ardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun a gceart chun faisnéise a ráthú, ba cheart a áirithiú go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go cuí maidir leis an mbia a chaitheann siad." }
463
{ "en": "Consumers’ choices can be influenced by, inter alia, health, economic, environmental, social and ethical considerations.", "ga": "Is féidir tionchar a bheith ag, inter alia, dálaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla ar na roghanna a dhéanann tomhaltóirí." }
464
{ "en": "According to Regulation (EC) No 178/2002 of the European Parliament and of the Council of 28 January 2002 laying down the general principles and requirements of food law, establishing the European Food Safety Authority and laying down procedures in matters of food safety [3] it is a general principle of food law to provide a basis for consumers to make informed choices in relation to food they consume and to prevent any practices that may mislead the consumer.", "ga": "De réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí um bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia [3], foráiltear gur prionsabal ginearálta de dhlí um bia é bunús a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia a chaitheann siad agus chun cosc a chur ar aon chleachtas lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur ar míthreoir." }
465
{ "en": "Directive 2005/29/EC of the European Parliament and of the Council of 11 May 2005 concerning unfair business-to-consumer commercial practices in the internal market [4] covers certain aspects of the provision of information to consumers specifically to prevent misleading actions and omissions of information.", "ga": "Le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó-go-tomhaltóir sa mhargadh inmheánach [4], cumhdaítear gnéithe áirithe soláthair faisnéise do thomhaltóirí chun cosc a chur go sonrach ar ghníomhaíochtaí míthreoracha agus ar easnaimh faisnéise." }
466
{ "en": "The general principles on unfair commercial practices should be complemented by specific rules concerning the provision of food information to consumers.", "ga": "Ba cheart go ndéanfaí na prionsabail ghinearálta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a chomhlánú le rialacha sonracha a bhaineann le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí." }
467
{ "en": "Union rules on food labelling applicable to all foods are laid down in Directive 2000/13/EC of the European Parliament and of the Council of 20 March 2000 on the approximation of the laws of the Member States relating to the labelling, presentation and advertising of foodstuffs [5].", "ga": "Leagtar síos rialacha an Aontais maidir le lipéadú bia atá infheidhme maidir le gach bia i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht earraí bia [5]." }
468
{ "en": "The majority of the provisions laid down in that Directive date back to 1978 and should therefore be updated.", "ga": "Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1978, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta." }
469
{ "en": "Council Directive 90/496/EEC of 24 September 1990 on nutrition labelling for foodstuffs [6] lays down rules on the content and presentation of nutrition information on prepacked foods.", "ga": "Le Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 um lipéadú cothúcháin ar earraí bia [6], leagtar síos rialacha maidir le hinneachar agus le cur i láthair faisnéise cothúcháin ar bhianna réamhphacáilte." }
470
{ "en": "According to those rules, the inclusion of nutrition information is voluntary unless a nutrition-related claim is made concerning the food.", "ga": "De réir na rialacha sin, is go saorálach a dhéanfar faisnéis chothúcháin a áireamh mura rud é go ndéantar maíomh cothúcháin i dtaca leis an mbia." }
471
{ "en": "The majority of the provisions laid down in that Directive date back to 1990 and should therefore be updated.", "ga": "Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1990, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta." }
472
{ "en": "The general labelling requirements are complemented by a number of provisions applicable to all foods in particular circumstances or to certain categories of foods.", "ga": "Comhlánaítear na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú le roinnt forálacha atá infheidhme maidir le gach bia in imthosca áirithe nó maidir le catagóirí áirithe bianna." }
473
{ "en": "In addition, there are a number of specific rules which are applicable to specific foods.", "ga": "Ina theannta sin, tá roinnt rialacha sonracha ann atá infheidhme maidir le bianna sonracha." }
474
{ "en": "While the original objectives and the core components of the current labelling legislation are still valid, it is necessary to streamline it in order to ensure easier compliance and greater clarity for stakeholders and to modernise it in order to take account of new developments in the field of food information.", "ga": "Cé go bhfuil cuspóirí bunaidh agus príomhghnéithe na reachtaíochta maidir le lipéadú fós bailí, is gá an reachtaíocht sin a shruthlíniú chun comhlíonadh níos éasca, agus soiléireacht níos fearr a áirithiú do gheallsealbhóirí agus is gá í a nuachóiriú chun forbairtí nua i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh." }
475
{ "en": "This Regulation will both serve the interests of the internal market by simplifying the law, ensuring legal certainty and reducing administrative burden, and benefit citizens by requiring clear, comprehensible and legible labelling of foods.", "ga": "Rachaidh an Rialachán seo chun leasa an mhargaidh inmheánaigh, tríd an dlí a shimpliú, an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, agus chomh maith leis sin rachaidh sé chun tairbhe na saoránach trína cheangal go ndéanfar bianna a lipéadú ar mhodh soiléir, intuigthe agus soléite." }
476
{ "en": "The general public has an interest in the relationship between diet and health and in the choice of an appropriate diet to suit individual needs.", "ga": "Tá leas an phobail i gcoitinne i gceist sa ghaolmhaireacht atá ann idir réim bia agus sláinte agus i rogha na réime bia iomchuí chun freastal ar riachtanais aonair an duine." }
477
{ "en": "The Commission White Paper of 30 May 2007 on a Strategy for Europe on Nutrition, Overweight and Obesity related health issues (the ‘Commission White Paper’) noted that nutrition labelling is one important method of informing consumers about the composition of foods and of helping them to make an informed choice.", "ga": "Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2007 maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht (an “Páipéar Bán ón gCoimisiún”), tugadh faoi deara gur modh tábhachtach é an lipéadú cothúcháin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le comhdhéanamh bianna agus chun cuidiú leo rogha eolasach a dhéanamh." }
478
{ "en": "The Commission Communication of 13 March 2007 entitled ‘EU Consumer Policy strategy 2007-2013 — Empowering consumers, enhancing their welfare, effectively protecting them’ underlined that allowing consumers to make an informed choice is essential both to effective competition and consumer welfare.", "ga": "Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2007 dar teideal “Straitéis an AE um beartas tomhaltóirí 2007-2013 – Tomhaltóirí a chumasú, leas tomhaltóirí a fheabhsú, agus tomhaltóirí a chosaint go héifeachtach” leagtar béim ar a shár-riachtanaí atá sé, ó thaobh na hiomaíochta éifeachtaí agus ó thaobh leas na dtomhaltóirí de araon, tomhaltóirí a chumasú chun rogha eolasach a dhéanamh." }
479
{ "en": "Knowledge of the basic principles of nutrition and appropriate nutrition information on foods would contribute significantly towards enabling the consumer to make such an informed choice.", "ga": "Le heolas ar bhunphrionsabail an chothaithe agus le faisnéis chothúcháin iomchuí a bheith ar bhianna, rannchuideofaí go mór le cur ar chumas an tomhaltóra rogha eolasach den sórt sin a dhéanamh." }
480
{ "en": "Education and information campaigns are an important mechanism for improving consumer understanding of food information.", "ga": "Is sásra tábhachtach iad feachtais oideachais agus faisnéise chun feabhas a chur ar thuiscint na dtomhaltóirí ar fhaisnéis bhia." }
481
{ "en": "In order to enhance legal certainty and ensure rationality and consistency of enforcement, it is appropriate to repeal Directives 90/496/EEC and 2000/13/EC and to replace them by a single regulation which ensures certainty for consumers and other stakeholders and reduces the administrative burden.", "ga": "Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus forfheidhmiú réasúnach agus comhréireach a áirithiú, is iomchuí Treoir 90/496/CEE agus Treoir 2000/13/CE a aisghairm agus Rialachán amháin a chur ina n-ionad lena n-áiritheofar deimhneacht do thomhaltóirí agus do na geallsealbhóirí eile agus lena laghdófar an t-ualach riaracháin." }
482
{ "en": "For the sake of clarity, it is appropriate to repeal and include in this Regulation other horizontal acts, namely Commission Directive 87/250/EEC of 15 April 1987 on the indication of alcoholic strength by volume in the labelling of alcoholic beverages for sale to the ultimate consumer [7], Commission Directive 1999/10/EC of 8 March 1999 providing for derogations from the provisions of Article 7 of Council Directive 79/112/EEC as regards the labelling of foodstuffs [8], Commission Directive 2002/67/EC of 18 July 2002 on the labelling of foodstuffs containing quinine, and of foodstuffs containing caffeine [9], Commission Regulation (EC) No 608/2004 of 31 March 2004 concerning the labelling of foods and food ingredients with added phytosterols, phytosterol esters, phytostanols and/or phytostanol esters [10] and Commission Directive 2008/5/EC of 30 January 2008 concerning the compulsory indication on the labelling of certain foodstuffs of particulars other than those provided for in Directive 2000/13/EC of the European Parliament and of the Council [11].", "ga": "Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí gníomhartha cothrománacha eile a aisghairm agus a áireamh sa Rialachán seo, eadhon Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 1987 maidir leis an neart alcóil de réir toirte a léiriú ar an lipéadú ar dheochanna alcólacha atá ar díol leis an tomhaltóir deiridh [7], Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún an 8 Márta 1999 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe ar fhorálacha Airteagal 7 de Threoir 79/112/CEE ón gComhairle maidir le lipéadú ar earraí bia [8], Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú ar earraí bia a bhfuil quinín iontu, agus ar earraí bia a bhfuil caiféin iontu [9], Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún an 31 Márta 2004 maidir le lipéadú ar bhianna agus ar chomhábhair bhia le fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil agus/nó eistir fíteastanóil bhreise [10] agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2008 maidir leis an sainordú go ndéanfar sonraí seachas na sonraí dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú ar an lipéadú ar earraí bia [11]." }
483
{ "en": "It is necessary to set common definitions, principles, requirements and procedures so as to form a clear framework and a common basis for Union and national measures governing food information.", "ga": "Is gá sainmhínithe, prionsabail, ceanglais agus nósanna imeachta comhchoiteanna a shocrú ionas go ndéanfar creat soiléir agus bonn comhchoiteann a leagan amach do bhearta an Aontais agus do bhearta náisiúnta lena rialaítear faisnéis bhia." }
484
{ "en": "In order to follow a comprehensive and evolutionary approach to the information provided to consumers relating to food they consume, there should be a broad definition of food information law covering rules of a general and specific nature as well as a broad definition of food information covering information provided also by other means than the label.", "ga": "Chun cur chuige cuimsitheach, éabhlóideach a leanúint maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do thomhaltóirí maidir leis an mbia a chaitheann siad, ba cheart sainmhíniú leathan a bheith ann ar dhlí um fhaisnéis bhia, ar sainmhíniú é lena gclúdófaí rialacha de chineál ginearálta agus de chineál sonrach, mar aon le sainmhíniú leathan ar fhaisnéis bhia lena gclúdófaí freisin an fhaisnéis a sholáthraítear trí mhodhanna eile seachas an lipéad." }
485
{ "en": "Union rules should apply only to undertakings, the concept of which implies a certain continuity of activities and a certain degree of organisation.", "ga": "Níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Aontais ach amháin maidir le gnóthais, ar eintitis iad de réir a gcoincheapa a bhfuil sé intuigthe ina leith go ngabhann leanúnachas áirithe ó thaobh gníomhaíochtaí de agus leibhéal áirithe eagrúcháin leo." }
486
{ "en": "Operations such as the occasional handling and delivery of food, the serving of meals and the selling of food by private persons, for example at charity events, or at local community fairs and meetings, should not fall within the scope of this Regulation.", "ga": "Níor cheart go dtiocfadh oibríochtaí amhail bia a láimhseáil agus a sheachadadh ar bhonn ócáideach, béilí a riar agus bia a dhíol ag daoine príobháideacha, mar shampla ag ócáidí carthanais, nó ag aontaí agus cruinnithe áitiúla sa phobal faoi réim feidhme an Rialacháin seo." }
487
{ "en": "Food information law should provide sufficient flexibility to be able to keep up to date with new information requirements of consumers and ensure a balance between the protection of the internal market and the differences in the perception of consumers in the Member States.", "ga": "Ba cheart go ndéanfaí dóthain solúbthachta a sholáthar le dlí um fhaisnéis bhia chun go mbeifí in ann coimeád cothrom le dáta leis na riachtanais nua atá ag tomhaltóirí maidir le faisnéis agus chun go n-áiritheofaí cothromaíocht idir cosaint an mhargaidh inmheánaigh agus na difríochtaí i leith léargas tomhaltóirí sna Ballstáit." }
488
{ "en": "The prime consideration for requiring mandatory food information should be to enable consumers to identify and make appropriate use of a food and to make choices that suit their individual dietary needs.", "ga": "Ba cheart go gceanglófaí faisnéis shainordaitheach bhia ar an ábhar, go príomha, go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí bia ar leith a shainaithint agus a úsáid go hiomchuí agus roghanna a dhéanamh a bheidh oiriúnach dá riachtanais cothaithe féin." }
489
{ "en": "With this aim, food business operators should facilitate the accessibility of that information to the visually impaired.", "ga": "Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí gnó bia le hinrochtaineacht na faisnéise sin don lucht lagamhairc." }
490
{ "en": "In order to enable food information law to adapt to consumers’ changing needs for information, any considerations about the need for mandatory food information should also take account of the widely demonstrated interest of the majority of consumers in the disclosure of certain information.", "ga": "Chun go mbeifear in ann dlí um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha tomhaltóirí maidir leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad, ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin, agus an gá atá le faisnéis shainordaitheach bhia á mheas, go bhfuil sé léirithe go forleathan gur mian le tromlach mór tomhaltóirí go nochtfaí faisnéis áirithe." }
491
{ "en": "New mandatory food information requirements should however only be established if and where necessary, in accordance with the principles of subsidiarity, proportionality and sustainability.", "ga": "Níor cheart ceanglais shainordaitheacha nua a bhunú maidir le faisnéis bhia, áfach, ach amháin más gá sin agus i gcás inar gá sin, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na hinbhuaine." }
492
{ "en": "Food information law should prohibit the use of information that would mislead the consumer in particular as to the characteristics of the food, food effects or properties, or attribute medicinal properties to foods.", "ga": "Le dlí um fhaisnéis bhia, ba cheart go gcuirfí toirmeasc ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuirfeadh an tomhaltóir ar míthreoir go háirithe faisnéis maidir le saintréithe an bhia, iarmhairtí nó airíonna an bhia, nó faisnéis lena gcuirfi airíonna leigheasacha i leith bianna." }
493
{ "en": "To be effective, that prohibition should also apply to the advertising and presentation of foods.", "ga": "Chun bheith éifeachtach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le fógraíocht agus cur i láthair bianna." }
494
{ "en": "In order to prevent a fragmentation of the rules concerning the responsibility of food business operators with respect to food information it is appropriate to clarify the responsibilities of food business operators in this area.", "ga": "Chun cosc a chur ar ilroinnt na rialacha a bhaineann le freagracht oibreoirí gnó bia maidir le faisnéis bhia, is iomchuí freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia sa réimse seo a shoiléiriú." }
495
{ "en": "That clarification should be in accordance with the responsibilities regarding the consumer referred to in Article 17 of Regulation (EC) No 178/2002.", "ga": "Ba cheart go mbeadh an soiléiriú sin i gcomhréir leis na freagrachtaí, maidir leis an tomhaltóir, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002." }
496
{ "en": "A list should be drawn up of all mandatory information which should in principle be provided for all foods intended for the final consumer and mass caterers.", "ga": "Ba cheart liosta a tharraingt suas den fhaisnéis shainordaitheach go léir ba cheart a sholáthar i bprionsabal i gcás gach bia a bheartaítear don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí." }
497
{ "en": "That list should maintain the information that is already required under existing Union legislation given that it is generally considered as a valuable acquis in respect of consumer information.", "ga": "Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis a cheanglaítear cheana féin faoi reachtaíocht Aontais atá ann cheana a choinneáil sa liosta sin ós rud é go meastar ina leith i gcoitinne gur acquis luachmhar é i ndáil le faisnéis tomhaltóirí." }
498
{ "en": "In order to take account of changes and developments in the field of food information, provisions should be made to empower the Commission to enable certain particulars to be made available through alternative means.", "ga": "Chun athruithe agus forbairtí i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh, ba cheart a fhoráil go gcumhachtófaí don Choimisiún a chumasú maidir le sonraí áirithe a chur ar fáil trí mhodhanna malartacha." }
499
{ "en": "Consultation with stakeholders should facilitate timely and well-targeted changes of food information requirements.", "ga": "Trí dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí, ba cheart go mbeadh sé níos éasca athruithe tráthúla agus dea-roghnaithe a dhéanamh ar cheanglais maidir le faisnéis bhia." }